Fógraí

Eolas is deireanaí ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus FSS
- Ullmhúchán don chéad Straitéis Náisiúnta Luathbhlianta in Éirinn fógartha ag an Aire Frances Fitzgerald (as Béarla)
- Athruithe ar scéimeanna na luathbhlianta ó Mheán Fómhair 2012 ar aghaidh - 5/12/11 (as Béarla)
- Q&As maidir le maoiniú do Chúram Leanaí agus réamhscoileanna (as Béarla)
- Cáipéis ar Rialachán 5, curtha le chéile ag FNT
- Tús Áite do Leanaí - Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí
- Tús Áite do Leanaí - Treorlínte
- Eolaire ECCE clár don chlár agus ghnásanna riaracháin
- Scéimeanna ECCE agus CSS - Tuairisceán Bliantúil 2010/2011
- Próiseas Cigireachta FSS - Teoirnóta ar Rialachán 5: Sláinte, Leas agus Forbairt an Linbh (pdf). Cuirtear i bhfeidhm é ón 1 Meán Fómhair 2011.
- Caighdeánú na Scoilbhliana i leith Bunscoileanna & Iarbhunscoileanna do na scoilbhlianta 2011/12, 2012/13 agus /14. Dátaí ar fáil anseo.
- Cluas le héisteacht chun an leanbh a chosaint (pdf) - Feachtas eolais ag an FSS. Tá an leabhrán ar fáil chomh maith sna teangacha seo a leanas: Fraincis, Sínis, Laitvis, Liotuáinis, Polannais, Rómáinis agus Rúisis. Cliceáil anseo len é a íoslódáil.



Sealbhú na Gaeilge ag Naíonáin
Tá staidéar ar luath-shealbhú na Gaeilge ar siúl ag UCC agus UCD faoi láthair. Tá sé mar aidhm ag an staidéar cabhrú leo siúd a sholáthraíonn teiripe teanga agus urlabhra ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu conas tacaíocht a thabhairt do pháistí le Gaeilge a bhfuil fadhbanna acu.
Má tá páistí óga agat agus suim agat páirt a ghlacadh sa taighde seo, is féidir bileog eolais a íoslódáil anseo do thuilleadh eolais agus sonraí teagmhála.



Samhail Nua Mhaoinithe
Cruinnithe poiblí
Céad chruinniú ar siúl 2.00-4.00i.n., Dé Sathairn, 25 Feabhra i Carton House, Magh Nuad
Beidh na cruinnithe eile ar siúl ar na dátaí seo a leanas:
- 5 Márta, Trá Lí
- 8 Márta, sa Chultúrlann, Béal Feirste
- 12 Márta, Óstán Pháirc Mionlach, Gaillimh
- 14 Márta, Halla Fhoras na Gaeilge, B.Á.C. 2
Cúlra ar obair CATT ó 2009-2012
Ráiteas ó Iar-Uachtaráin Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (29/1/12)
Helen Ó Murchú ar Nuacht TG4 (tosaíonn sé ag 1.50 nóim.)
Cruinniú an CATT (Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas) 12 Deireadh Fómhair 2011
Tréimhse bhreise chomhairliúcháin molta ag na hAirí
Eolas ar na scéimeanna (20/9/11)
Ar fáil le híoslódáil anseo. Tuilleadh eolais ar www.forasnagaeilge.ie.
Aighneacht ó Fhorbairt Naíonraí Teoranta ar Shamhail Nua Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge
Seo an aighneacht a sheol FNT chuig Foras na Gaeilge ar an tSamhail Nua Mhaoinithe, ag deireadh mhí an Mheithimh 2011. Ó cuireadh isteach an aighneacht seo, d'aontaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) maoiniú eatramhach a chur ar fáil don 19 eagraíocht bunmhaoinithe go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2012. Féach thíos leis an gcomhráiteas a íoslódáil.
Aighneacht FNT - Meán Fómhair 2010
Aighneacht FNT - Meitheamh 2011
Comhráiteas CATT



Fliú na muc
Scaipeadh an Fhliú a chosc
Bíonn an fliú séimh go measartha d'fhormhór daoine agus tagann biseach orthu tar éis timpeall seachtain sa bhaile. Cinntíonn sreabháin, paraicéiteamól, agus faoiseamh go mbisíonn tromlach na ndaoine ach is gá do dhaoine le siomptóim géara nó tinneas reatha eile comhairle dochtúra a fháil.
Tá sé rí-thábhachtach go gcuimhníonn daoine ar na modhanna simplí le scaipeadh an fhliú a chosc:
Beir air! | Úsáid ciarsúr má dhéanann tú casacht nó sraoth |
Caith uait é! | Caith uait an ciarsúr úsáidte isteach sa bhruscar i gcónaí |
Maraigh é! | Nigh na lámha le huisce te agus le gallúnach i gcónaí |
Foilseacháin
Tá póstaer as Gaeilge ó Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte ar fáil anseo le híoslódáil agus le cur i gcló.
Físeán eolais (Béarla - níl ceann as Gaeilge ar fáil) Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte le feiceáil anseo.
An bhfuil slaghdán nó an fliú ort?
I dtús báire is gá do chuid siomptóim a sheiceáil. Tosaíonn an fliú go tobann laistigh de chúpla uair a chloig ó bheith ag mothú go maith. Seo a leanas siomptóim an fhliú:
- Fiabhras de 38C nó 100.4 F a thosaíonn go tobann
- Tuirse ghéar
- Casacht
- Scornach nimhneach
- Pianta sna matáin
- Srón ag sileadh/gaosán ag rith
- Tinneas cinn
- Caitheann roinnt daoine amach nó bíonn buinneach orthu.
Uaireanta bíonn sé deacair an difir idir slaghdán agus an fliú a aithint.
De ghnáth tagann slaghdán ar dhuine de réir a chéile agus nasctar é go príomha le srón ag sileadh agus sraothartach.
Tagann siomptóim an fhliú ort níos tapúla agus de ghnáth bíonn fiabhras agus pianta matáin mar chuid de na siomptóim seo. Anois agus arís caitheann daoine amach nó bíonn buinneach ar dhaoine leis an fhliú.
Eolas faoin Vacsaín Fliú
Tá ceisteanna coitianta agus freagraí ar na ceisteanna seo ar fáil ó shuíomh Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (as Béarla) anseo.
Moltar do mhná torracha / atá ag iompar clainne agus daoine le tinneas reatha eile go príomha, an vacsaín a fháil sula n-aithnítear siomptóim an fhliú.
Breis eolais
Breis eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte (Béarla – níl eolas as Gaeilge ar fáil).
Gearáin
Má tá fonn gearáin ort faoin easpa eolais atá ar fáil ó Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte trí Ghaeilge is féidir ríomhphost a seoladh chuig .



Ríomhaireacht trí Ghaeilge
Is smaoineamh agus togra de chuid Dúrud Teoranta, é an suíomh www.nascanna.com. Is bailiúchán de na háiseanna ríomhaireachta Gaeilge atá ann.
Má tá tú ag lorg cabhair le cáipéisí a chur le chéile, comhrá a bheith agat le cairde nó cluichí a imirt ar líne - tá naisc ann. Tabhair cuairt ar an suíomh www.nascanna.com do thuilleadh eolais.



DT507: BA (Onóracha) sa Ghaeilge don Saol Proifisiúnta

Seolfar an chéim nua lánaimseartha ceithre bliana seo i Meán Fómhair 2011. Tá an BA úrnua seo á thairiscint ag Scoil na dTeangacha, Coláiste na nEalaíon agus na Turasóireachta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Iontráil Dhíreach a bheidh ann i mbliana (níl sé ar an CAO).
Le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, stádas oifigiúil a bheith bainte amach ag an nGaeilge san Aontas Eorpach, maraon le foilsiú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus go leor forbairtí áitiúla eile le blianta, tá deiseanna fostaíochta ag méadú i gcónaí dóibh siúd a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge.
Díreofar ar oiliúint chuimsitheach theangeolaíoch a chur ar scoláirí i réimse leathan ábhar a ullmhóidh iad i dtreo gairmeacha beatha éagsúla a bhaineann úsáid as an nGaeilge san earnáil phoiblí is lasmuigh di.
Is céim uathúil, sainiúil í seo ina leagtar béim ar chruinnúsáid ghníomhach na Gaeilge ar bhonn taitneamhach trí mheán an tumoideachais.
Mar aon le staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar an nGaeilge í féin, clúdófar réimse leathan d’ábhair trí mheán na Gaeilge ar an gcúrsa:
- Ardscileanna Teanga
- Staidéar an Aistriúcháin, Áisitheoireacht Teanga
- Litríocht, Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Na hEalaíona Cruthaitheacha
- Scriptscríbhneoireacht, Scannánaíocht
- Na Gairmeacha Cumarsáide, Taighde, Scileanna Raidió & Teilifíse
- Scileanna Ríomhaireachta
- Bainisteoireacht, Cuntasóireacht, Bainisteoireacht Airgeadais
- Gnó & Riarachán, Margaíocht, Caidreamh Poiblí, Eagrú Ócáidí
- Obair Phobalbhunaithe
- Amhránaíocht, Ceol, Béaloideas
- agus ábhair reatha eile nach iad.
Chomh maith le seo, beidh tréimhse de thaithí oibre san earnáil Ghaeilge agus/nó sa Ghaeltacht, mar chuid riachtanach den chúrsa.
Tuilleadh eolais mar aon le foirmeacha clárúcháin ar fáil ar an leathanach seo www.dit.ie/schooloflanguages/, nó ó
DIT, School of Languages - (01) 402 4673/(01) 402 2843
Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath - (01) 402 7043



Sharing the Journey

Is eagras nua é Sharing the Journey atá treoraithe ag tuismitheoirí. Tairgeann sé tacaíocht neamhchoinníollach, tuismitheoir-go-tuismitheoir do GACH tuismitheoir ar pháistí bodhra agus páistí le fadhbanna éisteachta.
De bharr rath an Parent and Toddler Play Date, agus iarratais ar níos mó Play Dates a chur ar siúl, tá Sharing the Journey sásta le fógairt go mbeidh siad ag cur Play Dates míosúla ar siúl mí Aibreáin, mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh, i mBaile Átha Cliath.
Cliceáil anseo leis an bhfógra a fheiceáil agus tá tuilleadh eolais ar fáil ó Theresa ar 087 916 3168/ 085 722 5659 nó ag [email protected].



Garchabhair ó Bhéal

"Is é mo thuairim go mbeidh an "Safety Mate" an-tábhachtach sa Naíonra. Tá an t-eolas dátheangach. Tá sé an-éasca le húsáid, agus tá gach rud ó ag cur fola go taom croí ann. Táim an-sásta leis." - Bernadette, Naíonra Phádraig, Co. Átha Cliath
Tá an comhlacht SafetyMate i ndiaidh gléas garchabhrach a fhorbairt a labhraíonn leat – as Gaeilge! Tá gléasanna dátheangacha SafetyMate in úsáid i dtithe, in oifigí, i gclubanna spóirt agus i mórán áiteanna eile.
Is uirlis fíor-úsáideach é seo agus molann FNT gléas SafeyMate do gach Naíonra. Tá siad ar fáil ar €160 (+ seachadadh). Tuilleadh eolais faoin táirge ar fáil anseo.

