Forbairt Naíonraí Teoranta — Forbairt Naíonraí gan Teorainn!

Céadaoin 22 Feabhra 2012 (18/01/12)

Mar Gheall ar Fhorbairt Naíonraí Teoranta

Déan teagmháil linn

Iad siúd gur mian leo teagmháil a dhéanamh linn, tá fáilte rompu úsáid a bhaint as leathanach an fhoirm phoist ar an láithreán seo.

Más mian leat teagmháil a dhéanamh thar an nguthán, le ríomphost nó tríd an bpost, cliceáil anseo.


carr

Cad é Forbairt Naíonraí Teo?

Cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliamháin ar aghaidh.

Bunaíodh Forbairt Naíonraí Teoranta in 2003 mar chomharba ar an gComhchoiste Réamhscolaíochta Teo. Tá ionadaíocht ag Altram, Comhairle na Gaelscolaíochta, Foras na Gaeilge, Gaelscoileanna agus Na Naíonraí Gaelacha ar choiste stiúrtha Forbairt Naíonraí Teoranta.

Tugann Foras na Gaeilge agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige deontais d'FNT.

Muintir Fhorbairt Naíonraí Teoranta

Tá ar fhoireann Fhorbairt Naíonraí Teoranta buíonn daoine díograsacha ag a bhfuil réimse fairsing taithí. Tá cúlra láidir acu uilig sa teangeolaíocht nó san oideachas is seasaíonn siad uilig go daingean leis an Ghaeilge mar theanga bheo.

Féach ar an liosta seo a leanas i gcomhair tuilleadh faisnéise:

  • Foireann na hOifige FNT.
  • Bord Fhorbairt Naíonraí Teoranta.

Tuilleadh faisnéise

Cad iad na seirbhísí atá á dtairiscint ag Forbairt Naíonraí Teoranta?

Cuireann Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil chun na seirbhísí trí Ghaeilge seo thíos a bhunú agus a bhuanú agus a riaradh: naíolanna, naíonraí, seirbhísí iarscoile, campaí samhraidh, agus grúpaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí.

Cuirtear cabhair agus comhairle ar fáil do dhaoine aonair agus d'eagraíochtaí gur mian leo leas a bhaint as an nGaeilge - pé méid is mian leo - le páistí.

Conas a chuirtear na seirbhísí seo ar fáil?

Tá oifig ag Forbairt Naíonraí Teoranta i mBaile Átha Cliath. Tá an fhoireann ann le tacaíocht agus eolas a thabhairt do Naíonraí nua, Naíonraí seanbhunaithe agus do thuismitheoirí agus baill an phobail atá ag lorg eolais ar Naíonraí.

Eagraítear dianchúrsaí oiliúna d'ábhair Stiúrthóirí agus cúrsa Cúram Leanaí Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 le haitheantas ó Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (CDBO). Tá Forbairt Naíonraí Teo. aitheanta mar ionad oiliúna ag CDBO.

Tá raon leathan áiseanna, pacáistí agus leabhair foilsithe ag Forbairt Naíonaí Teoranta:

  • Eagraítear scéim chuimsitheach árachais.
  • Tá scéim chabhrach i leith trealaimh ar fáil do Naíonraí nua.
  • Eagraítear Scéim Fhóirdheontais do Naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.
  • Foilsítear NaíNuacht gach mí - nuachtlitir FNT ina mbíonn eolas agus sainailt do dhaoine ag obair le páistí.

Cén fáth go ndéanann Forbairt Naíonraí Teoranta an obair seo?

  • Tá ceart ag páiste seirbhísí cúraim agus oideachais a fháil trí Ghaeilge.
  • Tá gá le agus éileamh ar sheirbhísí cúram páistí trí Ghaeilge.
  • Tá na seirbhísí seo tairfeach agus fiúntach do fhorbairt iomlán an pháiste.
  • Cabhraíonn sé le teaghlaigh agus le páistí i gceantair atá plódaithe nó tearc nó a bhfuil brú faoi leith iontu.
  • Saibhríonn sé timpeallacht teangeolaíoch an pháiste.
  • Is féidir le páiste óg an dara teanga a shealbhú go nádúrtha.
  • Cabhraíonn sé le húsáid na Gaeilge a thosú nó a leathnú i réimse an teaghlaigh, rud a chabraíonn le buanú agus le leathnú na Gaeilge sa phobal.
  • Cabhraíonn sé le naisc a chothú agus a chaomhnú le hoidhreacht agus le traidisiúin na hÉireann.

Cá bhfuil na seirbhísí seo ar fáil?

Tá fáil ar na seirbhísí i ngach áit: sa chathair, faoin tuath, ar oileáin, sa Ghaeltacht, taobh amuigh di, i hallaí pobail, i scoileanna, in ionaid spóirt, in ionaid siopadóireachta agus i dtithe príobháideacha in Éirinn.

Cad é an aois a bhíonn ag páiste sna seirbhísí seo?

Idir 0 go 12 bliain d'aois de ghnáth.

Cad é an aois a bhíonn ag páistí sa Naíonra?

Idir 3 agus 5 bliain daois de ghnáth.

Cad is Naíonra ann?

Grúpa páistí a thagann le chéile go rialta (2-3.5 uair a chloig sa ló) i dtimpeallacht thaitneamhach faoi stiúir Stiúrthóra atá i Naíonra. Cuireann foireann an naíonra gach deis ar fáil don ghrúpa chun forbairt iomlán an pháiste idir fhorbairt fhisiciúil, intleachtúil, chruthaitheach, aeistéitiúil, shóisialta, mhothúchánach agus teanga a chur i gcrích. Trí Ghaeilge a déantar obair an Naíonra. Modh an tsúgartha an cur chuige a húsáidtear mar gurb é is oiriúnaí mar mhodh foghlama do pháistí ag an tréimhse seo.

Conas a bhunaíonn tú Naíonra?

Déan teagmháil le Forbairt Naíonraí Teoranta agus tabharfar treoir duit faoi ionad, coiste, Stiúrthóir agus páistí.

Moltar coiste stiúrtha a bhunú chun obair an Naíonra a bhainistiú ó bhliain go bliain, agus le cúram a dhéanamh de chúrsaí airgid.

Moltar an coibhneas idir na páistí agus na Stiúrthóirí a choimeád íseal ach caithfear an coibhneas duine fásta amháin in aghaidh deichniúr páistí a choimeád sa Naíonra i gcónaí.


Tá cáipéis curtha le chéile againn a théann tríd gach céim atá i gceist le Naíonra a bhunú, idir oiliúint, riachtanais dlí, ról choiste an Naíonra agus sonraí teagmhála na Coistí Cúram Leanaí. Tá an cháipéis ar fáil le híoslódáil anseo.


Tá Forbairt Naíonraí Teo. faoi réir ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh, ag an Acht um Chúram Leanaí 1991 agus ag Na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Reamhscoile) 2006.

Barr^


Naisc Ionaid Tacaíocht Mar Gheall Orainn

Cóipcheart © 2004–2012 FNT. Gach ceart ar cosnamh. Séanadh.