Cad is Naíonra ann/Buntáistí an Oideachais Dátheangaigh

Cad is Naíonra ann?

Grúpa páistí a thagann le chéile go rialta (2-3.5 uair a chloig sa lá) i dtimpeallacht thaitneamhach faoi stiúir Stiúrthóra atá i Naíonra. Cuireann foireann an Naíonra gach deis ar fáil don ghrúpa chun forbairt iomlán an pháiste idir fhorbairt fhisiciúil, intleachtúil, chruthaitheach, aeistéitiúil, shóisialta, mhothúchánach agus teanga a chur i gcrích. Trí Ghaeilge a déantar obair an Naíonra. Modh an tsúgartha an cur chuige a húsáidtear mar gurb é is oiriúnaí mar mhodh foghlama do pháistí ag an tréimhse seo.
 

Cur chuige an Naíonra

Sealbhú seachas múineadh teanga a bhíonn i gceist sa Naíonra. Cloiseann na páistí an Ghaeilge á labhairt ag an Stiúrthóir an t-am ar fad. Tuimoideachas a ghlaotar ar an modh seo. Sa tumoideachas, foghlaimíonn an páiste trí mheán an dara teanga. Tuigtear an méid a deir an páiste ina chéad teanga ach freagraítear é sa dara teanga, agus cuirtear na focail atá uaidh ar fáil dó. Tosóidh an páiste ag caint nuair a bheidh sé ulllamh chuige, gach duine ina am féin.
 
Immersion education is regarded by many as the most effective means of learning a second language. Most immersion students can be expected to reach higher levels of second language proficiency than students in other school-based language programmes (Met, 1998).
 
From the standpoint of academic achievement, over three decades of studies consistently show that immersion students achieve as well as, or better than, non-immersion peers on standardized measures of verbal and mathematics skills administered in English (Cloud, Genesee & Hamayan, 2000; Genesee, 1987).

 

Buntáistí an Oideachais Dátheangaigh

 
  1. Leibhéal inniúlachta níos airde sa dá theanga do dháltaí sa chóras tumoideachais. Cumarsáid níos forleithne (teaghlach, pobal, cairde, fostaíocht), dá bharr
  2. Inchultúrú níos forleithne (ag foghlaim agus ag glacadh fút féin luachanna cultúir eile); ilchultúrachas níos doimhne; caoinfhulaingt cultúir eile níos fearr
  3. Litearthacht i dhá theanga (léamh agus scríobh i dhá theanga)
  4. Gnóthachtáil mhéadaithe curaclaim
  5. Buntáistí smaointeoireachta (cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide)
  6. Féinmhuinín níos airde
  7. Diongbháilteacht féiniúlachta
  8. Buntáistí eacnamaíochta agus fostaíochta
 
Foinse: Baker 2003 (oiriúnaithe ó Ghaelscoileanna Teo.