Cad é Forbairt Naíonraí Teoranta?
Cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliamháin ar aghaidh. Bunaíodh Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) i 2003 mar chomharba ar an gComhchoiste Réamhscolaíochta Teo. (a bhunaíodh i 1978). Bhíodh An Comhchoiste freagrach as an tír iomlán ach is na ceantair lasmuigh den Ghaeltacht atá faoi chúram FNT agus is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta an t-eagras a fheidhmíonn sa Ghaeltacht. Tá ionadaíocht ag Altram, Foras na Gaeilge, Gaelscoileanna Teo. agus Na Naíonraí Gaelacha ar choiste stiúrtha Fhorbairt Naíonraí Teoranta.
Cuireann Foras na Gaeilge agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maoiniú ar fáil d'Fhorbairt Naíonraí Teoranta.
Cad iad na seirbhísí atá á dtairiscint ag Forbairt Naíonraí Teoranta?
Cuireann Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil chun na seirbhísí trí Ghaeilge seo thíos a bhunú agus a bhuanú agus a riaradh: naíolanna, naíonraí, seirbhísí iarscoile, campaí samhraidh, agus grúpaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí. Cuirtear cabhair agus comhairle ar fáil do dhaoine aonair agus d'eagraíochtaí gur mian leo leas a bhaint as an nGaeilge - pé méid is mian leo - le páistí.
Cén fáth go ndéanann Forbairt Naíonraí Teoranta an obair seo?
- Tá ceart ag páiste seirbhísí cúraim agus oideachais a fháil trí Ghaeilge.
- Tá gá le agus éileamh ar sheirbhísí cúram páistí trí Ghaeilge.
- Tá na seirbhísí seo tairbheach agus fiúntach do fhorbairt iomlán an pháiste.
- Cabhraíonn sé le teaghlaigh agus le páistí i gceantair atá plódaithe nó tearc nó a bhfuil brú faoi leith iontu.
- Saibhríonn sé timpeallacht teangeolaíoch an pháiste.
- Is féidir le páiste óg an dara teanga a shealbhú go nádúrtha.
- Cabhraíonn sé le húsáid na Gaeilge a thosú nó a leathnú i réimse an teaghlaigh, rud a chabhraíonn le buanú agus le leathnú na Gaeilge sa phobal.
- Cabhraíonn sé le naisc a chothú agus a chaomhnú le hoidhreacht agus le traidisiúin na hÉireann.
Cá bhfuil na seirbhísí seo ar fáil?
Tá fáil ar na seirbhísí i ngach áit: sa chathair, faoin tuath, ar oileáin, sa Ghaeltacht, taobh amuigh di, i hallaí pobail, i scoileanna, in ionaid spóirt, in ionaid siopadóireachta agus i dtithe príobháideacha in Éirinn.
Cad é an aois a bhíonn ag páistí sa Naíonra?
Idir 3 agus 5 bliain d’aois de ghnáth.
Cad é Na Naíonraí Gaelacha?
Is eagras deonach neamhspleách é Na Naíonraí Gaelacha (NNG) a bunaíodh i 1974 do Stiúrthóirí Naíonraí. Eagraíonn NNG ‘Lá Náisiúnta na Naíonraí’ i rith mhí na Bealtaine gach bliain nuair a théann beagnach gach Naíonra sa tír ar thuras nó ar phicnic. Reáchtáiltear Comhdháil Bhliantúil NNG gach bliain i mí Dheireadh Fómhair agus bíonn léachtaí agus seimineáir spéisiúla ar siúl. Cabhraíonn FNT leis NNG leis an riarachán don chomhdháil. Tá ionadaíocht ag NNG ar bhord FNT.