Scéimeanna Tacaíochta

Árachas
Tá Grúpscéim Árachais ar fáil ó Fhorbairt Naíonraí Teoranta i gcomhar le Kidd Insurances do Naíonraí atá cláraithe leo timpeall na tíre.
Litir agus foirm árachais do Champaí Samhraidh.
Achoimre ar an nGrúpscéim Árachais do Naíonraí 2009-2010
Cur i láthair ó Kidd Insurances
Foirm le líonadh amach má tá an Naíonra ag dul ar thuras. Is gá go mbeadh an fhoirm seo faighte ag FNT roimh a théann an Naíonra ar an turas. Glacfar leis an bhfoirm tríd an bpost, thar r-phost nó facs.



Ballraíocht
Tá costas €52 ar bhallraíocht a ghlacadh leis Na Naíonraí Gaelacha. Tá na foirmeacha go léir seolta amach chuig seoltaí baile na Stiúrthóirí. Muna bhfuair tú an fhoirm, is féidir í a íoslódáil thíos.



Scéim Fhóirdheontais
Ba é an dáta deireanach d'fhoirmeacha a bheith ar ais do Théarma Aibreán - Meitheamh ná 17 Meitheamh 2011. Déanfar íocaíochtaí leis na Naíonraí ónar bhfuair muid foirm, faoi lár mí Iúil.
Nóta tábhachtach faoi íocaíochtaí don Téarma Aibreán - Meitheamh 2011.
Foirm fhóirdheontas don Téarma Aibreán - Meitheamh 2011



Scéim Chabhrach

Cuirtear Scéim Chabhrach ar fáil do Naíonraí nua, ag brath ar mhaoiniú FNT. Tagann an Scéim Chabhrach i bhfoirm trealaimh le húsáid sa Naíonra agus seic le cabhrú le rith an Naíonra.
Is féidir le Naíonraí nua cur isteach ar an Scéim Chabhrach i rith na scoilbhliana ina mbunaítear an Naíonra. Má bhronntar an Scéim Chabhrach ar Naíonra, tá sé suas don Naíonra féin an trealamh a bhailiú ó oifigí FNT.
Naíonraí nua a d'oscail sa bhliain 2010/2011 - Is é an spriocdháta do chur isteach ar an Scéim Chabhrach agus í a bhailiú ná Dé Céadaoin, 13 Iúil 2011.
Foirm iarratais don Scéim Chabhrach (trealamh)
Foirm iarratais don deontas do Naíonraí nua



Eolas ar na Scéimeanna
Eolas do Naíonraí nua ar na Scéimeanna a chuirtear ar fáil ag FNT ar fáil anseo.

