Maíonn an Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí go dtéann an bualadh i bhfeidhm ar fhéinmheas leanaí agus go gcruthaíonn sé gá le smacht níos dáiríre. Mar gheall air sin tá cosc iomlán ar bhualadh leanaí á éileamh ag an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí. Sonraíonn dlí na hÉireann go bhfuil rogha ag tuismitheoirí maidir le pionós measartha nó réasúnta na roghnú dá bpáistí. Tá go leor scríofa ag grúpaí leanaí éagsúla chuig Comhairle na hEorpa a chuireann faoi deara gur sárú cearta leanaí é an rogha atá ag tuismitheoirí maidir le pionós réasúnta a roghnú. Thug Tanya Ward, príomhoifigeach na Comhghuaillíochta um Chearta Leanaí gur ionann bualadh leanaí mar phionós agus sárú a gcearta. Bunscéal ar fáil anseo: http://www.newstalk.ie/AUDIO:-Smacking-children-causes-deviant-behaviour–rights-group
Léiríonn torthaí shuirbhé de chuid TheJournal.ie ar an ábhar ag dáta scríofa an ailt seo (16/9/) nach dtacaíonn ach 13% dóibh siúd a chaith vóta le cosc iomlán ar bhualadh leanaí. Chreid 48% de vótálaithe go gcreideann siad nár chóir cosc a chur ar bhualadh agus ní raibh 13% de vótálaithe cinnte. Is féidir do vóta féin a chaitheamh ar an ábhar anseo: http://www.thejournal.ie/poll-smacking-children-1064811-Sep/?utm_source=facebook_short
Cuir ráiteas nua leis