Tuismitheoirí chun traenáil frith-bhulaíochta a fháil faoi scéim nua

Tá an tAire Oideachais Ruairí Quinn chun €40,000 a chur ar fáil chun sa dóigh is gur féidir seisiúin traenála frith-bhulaíochta a reáchtáil do thuismitheoirí. Déanfar cothrom le 70 rang a reáchtáil ag baint úsáide as an mhaoiniú seo. Is iad an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Bunbhrainse) agus an an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iar-bhunoideachais) a dhéanfaidh na cúrsaí seo a sheachadadh.

Forbraíodh an tionscnamh nua seo chun tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta ar Bhulaíocht, plean a éilíonn traenáil agus acmhainní a bheith curtha ar fáil do thuismitheoirí agus do bhoird bhainistíochta.

D’fháiltigh Áine Lynch, príomhoifigeach Bhunbhrainse na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí roimh scéal an mhaoinithe,

“Tá ról ríthábhachtach ag tuismitheoirí i dtacú lena bpáistí agus leis an scoil áitiúil, agus tabharfaidh an infheistíocht seo sna tuismitheoirí deis dóibh an ról sin a chomhlíonadh ar bhealach níos feasaí.  Molann muid go mór do thuismitheoirí leanaí bunscoile agus iarbhunscoile freastal ar an traenáil agus tacú lena bpáistí agus scoileanna dul i ngleic leis an mbulaíocht,” a dúirt sí.

Chuir an tAire leis an mhéid seo a rá gur gá dul i ngleic leis an mbulaíocht ag gach leibhéal.

“Ní fadhb í an bhulaíocht ar féidir le scoileanna dul i ngleic léi leo féin. Tá ról tábhachtach le himirt ag tuismitheoirí, ag teaghlaigh agus ag an mórphobal i ndul i ngleic leis an mbulaíocht, agus i dteagasc leanaí maidir le conas caidrimh a bhainistiú, conas bheith athléimneach agus conas bá a léiriú le daoine eile.”

An bunscéal ar fáil anseo: http://www.thejournal.ie/anti-bullying-parents-course-1084398-Sep/

 

Cuir ráiteas nua leis

Filtered HTML

  • Web page addresses and e-mail addresses turn into links automatically.
  • Allowed HTML tags: <a> <em> <strong> <cite> <blockquote> <code> <ul> <ol> <li> <dl> <dt> <dd>
  • Lines and paragraphs break automatically.

Plain text

  • No HTML tags allowed.
  • Web page addresses and e-mail addresses turn into links automatically.
  • Lines and paragraphs break automatically.
Type the characters you see in this picture. (fíoraigh trí fhuaim)
Clóscríobh na carachtair a fheiceann tú san íomhá thuas; murar féidir leat iad a léamh, cuir isteach an fhoirm agus tiocfaidh íomhá nua aníos. Níl sé cásíogair.