Buntáistí ballraíochta

Cad iad na buntáistí atá ann le ballraíocht a ghlacadh leis NNG/FNT?

 

  1. Tacaíocht oifige agus Oifigeach Forbartha FNT ar fáil duit chun abhcóideacht, comhairle, cúnamh agus taighde a dhéanamh ar son an Naíonra agus chun cuairt a thabhairt ar an Naíonra más gá ábhar ar leith a phlé go mion. (polasaithe samplacha, comhairle ar ghnó laethúil an Naíonra)
  2. Tacaíocht do Stiúrthóirí ar fáil ó Na Naíonraí Gaelacha.
  1. Grúpscéim árachais FNT – Mar bhall d’FNT agus NNG is féidir le Naíonra leas a bhaint as rátaí árachais speisialta faoi Ghrúpscéim Árachas FNT le O'Leary Insurances.
  2. Eolas faoi réimse leathan de chúrsaí oiliúna ar fáil le linn na scoilbhliana.
  3. Líonraí Naíonraí – deis don Stiúrthóir freastal ar ghrúpa féintacaíochta de Stiúrthóirí Naíonra sa réigiún chun ceisteanna comónta a phlé, cairdeas a dhéanamh, Gaeilge a chleachtadh agus eolas a roinnt le FNT trí theagmhálaí an Líonra ar mhaithe le breis seirbhísí, tacaíochtaí agus/nó ceardlanna/cúrsaí a eagrú sa cheantar.
  4. Clinicí FNT – Eagraíonn FNT clinicí i gceantair difriúla le linn na scoilbhliana. Is deis é seo ceisteanna/dúshláin áitiúla a phlé i bpearsa le hionadaí ón eagraíocht agus deis dúinn nuashonrú a thabhairt do na Naíonraí ar an obair atá ar siúl againn go háitiúil agus go náisiúnta ar a son.
  5. Suíomh Gréasáin nua – Beidh suíomh Gréasáin nua le rannóg speisialta do bhaill ag FNT faoi thús mhí Dheireadh Fómhair 2012. Logálfaidh tú (más ball thú) isteach ar an suíomh agus beidh fáil agat ar áislann lán le gníomhaíochtaí, pleananna, agus polasaithe. Beidh deis agat do ghníomhaíochtaí féin agus ábhair oiriúnacha eile a roinnt leis na Naíonraí eile, agus chuige sin a fhásfaidh an stóras áiseanna a bheidh ar fáil do na Naíonraí atá cláraithe linn.
  6. Comhdháil Bhliantúil Na Naíonraí Gaelacha – Ar an gcéad deireadh seachtaine de mhí Dheireadh Fómhair tagann 100+ Stiúrthóirí Naíonra le chéile chun freastal ar cheardlanna, ar Dhinnéar na Comhdhála agus chun sult a bhaint as comhluadar a chéile. Is deireadh seachtaine le meascán de hoiliúint, pleanáil, plé, siamsaíocht agus suaimhneas. Bíonn seastáin ag gnólachtaí agus eagrais dheonacha ann le háiseanna a bhíonn dírithe ar na Naíonraí go sonrach. Mar bhaill de NNG/FNT, tá cead freastail agus vótála ag Cruinniú Cinn Bhliana NNG
  7. Scéimeanna Tacaíochta FNT*: Ag brath ar mhaoiniú, bíonn Scéim Chabhrach (Beart Trealamh & Seic beag) ar fáil do Naíonraí nua (atá cláraithe linn). Mar bhall, tá cead ag Naíonra cur isteach ar na scéimeanna seo. Tá coinníollacha ag baint leis na Scéimeanna Tacaíochta seo agus breis eolais ar fáil fúthu ar an leathanach seo.
  8. Fógraíocht saor in aisce tríd an léarscáil de sheirbhísí atá cláraithe le FNT agus ar an leathanach folúntas má tá baill foirne ag teastáil.
  9. Lascainí agus tairiscintí speisialta ó eagrais éagsúla agus ó FNT féin le linn na bliana.

 

*téarmaí agus coinníollacha; ag brath ar mhaoiniú

***Nasc chuig an alt ar bhallraíocht faoi scéimeanna