Tionscnamh nua : Margaí speisialta ár fáil do chairde FNT

Is mian le FNT buíochas a ghabháil lenár gcairde agus lenár dtacadóirí go léir, mar aon le tuismitheoirí, stiúrthóirí agus fostaithe naíonra ar fud na tíre. Chuige sin, tá FNT i ndiaidh infheistíocht shuntasach a dhéanamh i dtionscnamh nua a thabharfaidh deis do na dreamanna thuasluaite margaidh speisialta (lascaine 50%+) a fháil ar tháirgí, ar bhéilí, ar óstáin srl.

Tá FNT ag obair i gcomhpháirtíocht le Deal Effect chun an méid seo a chur i gcrích. Trí clárú le Deal Effect ag www.dealeffect.ie/FNT agus trí Forbairt Naíonraí Teoranta a roghnú mar do rogha carthanachta, beidh teacht agat ar thairscaintí speisialta i do cheantar féin nó gar dó. 

Ar bharr air seo, trí úsáid na seirbhíse seo beidh tú ag tacú le FNT agus le naíonraí na tíre mar go dtéann 11% de gach margadh i dtreo na heagraíochta. Cuideoidh an t-airgead seo le FNT tuilleadh seirbhísí agus tacaíochta a chur ar fáil do na naíonraí sa scoilbhliain amach romhainn.