Fáiltíonn Forbairt Naíonraí Teoranta roimh fiosrúcháin i dtaobh Naíonraí nua a chur ar bun. Tabhair faoi deara nach bhfeidhmíonn FNT i gceantracha oifigiúla Gaeltachta (is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teoranta a riarann na Naíonraí sin) nó sna sé chontae (Altram a fheidhmíonn sa limistéar sin).
Déan teagmháil le Forbairt Naíonraí Teoranta agus tabharfar treoir duit faoi ionad, coiste, Stiúrthóir agus páistí.
Moltar coiste stiúrtha a bhunú chun obair an Naíonra a bhainistiú ó bhliain go bliain, agus le cúram a dhéanamh de chúrsaí airgid.
Moltar an coibhneas idir na páistí agus na Stiúrthóirí a choimeád íseal ach caithfear an coibhneas duine fásta amháin in aghaidh deichniúr páistí a choimeád sa Naíonra i gcónaí.
Tá cáipéis curtha le chéile againn a théann tríd gach céim atá i gceist le Naíonra a bhunú, idir oiliúint, riachtanais dlí, ról choiste an Naíonra agus sonraí teagmhála na Coistí Cúram Leanaí. Tá an cháipéis ar fáil le híoslódáil anseo.
Tá Forbairt Naíonraí Teo. faoi réir ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh, ag an Acht um Chúram Leanaí 1991 agus ag Na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Reamhscoile) 2006.