Ballraíocht
Tá costas €52 ar bhallraíocht bhliantúil a ghlacadh leis Na Naíonraí Gaelacha/FNT faoi láthair. Seoltar foirmeacha amach chuig Naíonraí i mí Lúnasa gach bliain.
Cuireann FNT scéimeanna áirithe ar fáil do Naíonraí atá cláraithe linn agus leis NNG:
Scéim Fhóirdheontais
Tá fáilte roimh Naíonraí cur isteach ar an deontas seo ón dara téarma oscailte ar aghaidh. Tá an scéim seo ar fáil trí uair in aghaidh na bliana (Earrach, Samhradh agus Geimhreadh) agus seolann FNT foirmeacha amach chuig gach Naíonra ag na tréimhsí seo. Braitheann an scéim seo ar mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus tá téarmaí agus coinníollacha ag baint léi.
Téarma - Geimhreadh:
Tá na foirmeacha ar fad don téarma seo (MF-Nollaig 2012) seolta amach anois. Ba é an spriocdháta d'fhoirmeacha a bheith ar ais san oifig ná Dé Céadaoin, 12 Nollaig 2012.
De bharr neamhchinnteacht maidir le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus san earnáil ar an iomlán, iarrann muid ar Naíonraí gan a bheith ag braith ar an airgead ón bhfóirdheontas, mar ní féidir linn cinntiú go mbeidh sé ann gach téarma.
Téarmaí agus Coinníollacha
Árachas
Is gá d'aon Naíonra atá ag feidhmiú faoi chúram NNG/FNT árachas reatha agus cuí a bheith aige, de réir rialachán FSS. Cuireann FNT, i gcomhar le KIDD Insurances, Grúpscéim Árachais* ar fáil do Naíonraí atá cláraithe leis NNG/FNT. Polasaí bliana atá ar fáil faoin nGrúpscéim agus ritheann sé ón 1 Deireadh Fómhair go dtí 30 Meán Fómhair. Is gá ballraíocht reatha leis NNG/FNT a bheith ag aon Naíonra gur mian leis árachas a thógáil amach faoin scéim seo. Tuilleadh eolais faoin nGrúpscéim seo ar fáil ó KIDD Insurances.
Mar chustaiméir de chuid KIDD Insurances, tá rátaí speisialta ar fáil d'fhostaithe gach seirbhís atá cláraithe linn ar pholasaithe árachais eile mar árachas gluaisteáin agus sláinte. Tuilleadh eolais faoi na rátaí speisialta seo ar fáil ó KIDD Insurances.
*Seirbhís Bhéarla atá ar fáil ó KIDD faoi láthair, ach más fearr le do Naíonra cúrsaí árachais a phlé trí mheán na Gaeilge, tá FNT lánsásta feidhmiú mar idirghabhálaí idir an Naíonra agus KIDD Insurances.
Árachas Eile:
Tá cead ag Naíonraí clarú linn agus árachas cuí eile a bheith acu ar an gcoinníoll go mbíonn cóip reatha den pholasaí seo ag FNT i gcónaí. Tá sé fíorthábhachtach mar sin go gcinntíonn Naíonraí le hárachas eile go gcuireann siad cóip den pholasaí reatha chuig FNT aon uair go bhfuil athnuachan déanta air.